AthGhaelú, with Ciarán Mac Ghiolla Bhéin

18th Sep 2026
Cultúrlann Uí Chanáin
17:45-19:00
Saor in aisce // Free

 

Meastar go dtagann timpeall 95% dár logainmneacha ón Ghaeilge. Is feachtas é AthGhaelú a bhunaigh Conradh na Gaeilge i mbliana chun daoine a spreagadh le logainmneacha Gaeilge a úsáid in ionad logainmneacha Béarla i ngach gné den saol. 

Beidh an caint faoi stiúir uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Ghiolla Bhéin, le fiosrú cén dóigh a bheith páirteach, cad chuige a bhfuil sé tábhachtach, agus le plé a dhéanamh ar chúlra stairiúil AthGhaelú, an léacht a thug Dubhghlas de hÍde in 1892 The Necessity for De-Anglicising Ireland san áireamh, a nochtaigh an maolú a rinneadh ar fhéiniúlacht na hÉireann agus an síoraithris ar chultúr, teanga agus nósanna Shasana.

Tabharfar an chaint trí Ghaeilge, agus beidh aistriúchán comhuaineach ar fáil.

Beidh ár seisiún míosúil Club Ceoil Thraidisiúnta ar siúl sa bheár ina dhiaidh sin.