Peann ar Pháipéar

MÓRSHRÁID SHÉAMAIS AG CLAPSHOLAS

I

Guthanna i gcéin, ag barr na sráide.
Fuaim na gcarranna ag dul thar bráid, tráthnóna san fhómhar,
ag clapsholas.

II

Ceol Gaelach ag bleaisteáil as veain de chuid Tesco.
Nach ait an mac an saol, i ndiaidh an tsaoil,
ag clapsholas.

III

Agus trasna uaim tá an spéir pollta ag aeróga,
Tá na fuinneoga dorcha, tá na scamaill ró-íseal.
Spreagann spéir leathdhorcha Mhórshráid Shéamais
míshuaimhneas ionam.
Thar am filleadh ar bhroinn an tseomra ranga,
ag clapsholas.

AN LEATH EILE

do Mhairéad

Éistim leat ag comhaireamh
sa tsean-teanga,
spéaclaí ort anois,
le gile séimh tráthnóna
ag lonrú lasair-ghorm do shúile;
tá tú ag cothromú na gcuntas:
an taobh praiticiúil den animus,
chun an díon a choimeád daingean;
is tusa an tine sa tinteán;
is mise an t-uisce ag dul timpeall;
animus anima:
an cothrom faighte.

CUAIRT AR GHARRAÍ NA LUS, BAILE ÁTHA CLIATH

Íslíodh na hothair ón mbus
ina gcathaoireacha rothaí
ar cuairt ar Gharraí na Lus;

d’fhéach mé ar othar amháin,
ógánach le cloigeann claonta
agus béal cam;

lig an t-ógánach béic as
laistigh den teach gloine,
ag feiceáil plandaí faoi ghlas;

rug an bhanaltra greim air
agus stiúir sí amach é
le guth ard géar;

bhí an t-ógánach trí chéile
ag caitheamh a lámha
mar leanbán ar easpa céille

ag lorg ceangail
i dteanga
intuigthe do na haingil.

SAM & TONY

Sam: Lá eile curtha isteach againn.

Tony: Shílfeá go mbeadh daoine in ann a gcuid siopadóireachta féin a dhéanamh.

Sam: Ach ní bheadh post againne.

Tony: Agus dadaigh maith ar an raidió.

Sam: Is breá an ceol é sin.

Tony: Tá fuath agam ar an diabhal diddly-dee sin.

Sam: Agus fuath agam ortsa.

D. Ó Longain 12.10.2015

MÓRSHRÁID SHÉAMAIS, AG CLAPSHOLAS

An fhearthainn ag cur go bog sa dhorchadas, ag glioscarnach timpeall na soilse sráide.
Triúr duine ag siúl go mear, duine i ndiaidh duine, cách acu ina n-aonar, cách acu ina dtost.
Aeróga ar na díonta ag síneadh suas chuig an spear sa leathsholas.
Scaifte páistí ag súgradh is ag gáire go spraíúil agus iad ag rith síos an sráid le chéile.

Gan Ainm 12.10.2015

MÓRSHRÁID SHÉAMAIS, AG CLAPSHOLAS

Go luath anois, ní bheidh na haeróga le feiceáil. Tá na néalta liath á shliogadh ó dhíonta na tithe árda. Tithe atá sollúnta agus scathach cheana féin, seachas corr-fhuinneog, as a bhfuil smúit-sholas ag glinniúint go hamhrasach.

Tá an cógaslann druidte, na comhlaí daingean faoi ghlas. Níl leigheas anois ar an dorchadas atá ag plúcadh na sráide. Seans gurb í spraoi deireannach an lae, sciúrd thart an veain Tesco, ceol banjo ag fuaimnú uaithi. Ceol? Sin an brobha a bhaillíonn beart roimh oíche. Dá laghad é, is ciudiú é.

Dave Duggan 7.10.2015

AR AN BHALLA

Seo mise ar an bhalla. Cluinim an slua taobh thiar díom, dríodair na ndaoine ag tréigint an dioscó san Óstán Grand. Díonta na tithe ag titim uaim le fána. Amach romham, an trá. Ansin, sea, an fharraige, ag luascadh is ag análú, gan aird ar bith orm.

Ruabhéic óm chúl. “De fucc, cá bhfuil tú?”

Thíos fúim, níl ach dorchadas, dorchadas domhan, mar a mbeadh in uaigh faoi méachan na tonnta.

Léim? Tit? Seo mise ar an bhalla. Go síoraí.

30.9.2015 © Dave Duggan

MO SCÁIL SAN ABHAINN

Liom féin in ascaill na coille,

Duilleoga ar snamh
I gcraiceann an uisce,

Loinnir na gréine anuas ‘s aníos
Gan solas ar bith i mo shuilibh

Bheadh deireadh le deacracht
I measc na nduilleog

Ach tiontaím mo dhroim leo inniu.

© Dubhán Ó Longáin 2015

ABHANN

siosarnach
tchí ordóg

iomrá crann
ceal duilleog

tchí bradán
tchí cuileog

i bhfoisce –
glacaim póg

blaisim iasc
mothaím óg

beo feasach
beath-naomhóg

ar dhian shruth
le siosóg

Dave Duggan 23.9.2015